An chibearchoireacht a chomhrac: Comhaontú straitéisigh comhair sínithe idir ENISA agus Europol

Report this content

Inniu shínigh cinn ENISA agus Europol comhaontú comhair straitéisigh i gceannáras Europol san Háig, chun comhar níos dlúithe a éascú agus saineolas a mhalartú sa troid in aghaidh na cibearchoireachta.

RAON FEIDHME

Is é is cuspóir don chomhaontú seo cur leis an gcomhar idir Europol, a Ionad Cibearchoireachta Eorpaí (EC3), agus ENISA d'fhonn tacú le hiarrachtaí Bhallstáit agus institiúidí an AE an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac. Ní chlúdaítear malartú sonraí pearsanta sa chomhaontú seo.

Go sonrach, d'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sa chomhar:

  • eolas agus saineolas ar leith a mhalartú,
  • tuairiscí ginearálta suímh a mhionsaothrú,
  • tuairiscí ag éirí as anailísí straitéiseacha agus dea-chleachtas,
  • forbairt cumais a neartú trí oiliúint agus múscailt feasachta, chun slándáil líonra agus eolais ar leibhéal AE a chosaint.

Cuid de Bhord Cláir EC3 is ea ENISA agus cuid de Ghrúpa Geallsealbhóirí Buana ENISA is ea EC3. Cuireann an Grúpa sin comhairle ar Stiúrthóir ENISA maidir leis an gClár Oibre agus leis na tosaíochtaí bliantúla. D'oibrigh ENISA agus EC3 riamh as láimh a chéile chun cibearshlándáil AE a dhaingniú agus an chibearchoireacht a laghdú.  Ar an obair a rinneadh go dtí seo áirítear comhpháipéar ar mhaolú Botnet; bheith rannpháirteach i Mí Eorpach na Cibearshlándála; cibearchleachtaí ar nós CyberEurope; treoir dhea-chleachtais a chur ar fáil do CERTanna; agus cur le comhar idir CERTanna agus lucht forghníomhúcháin dlí trí cheardlanna agus comhdhálacha difriúla, agus go leor eile.

D'eisigh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA, an tOllamh Udo Helmbrecht, agus Stiúrthóir Europol, Rob Wainwright, comhráiteas: “Beart tábhachtach is ea an comhaontú seo sa troid ina aghaidh cibearchoirpeach atá ag éirí níos oilte an t-am ar fad agus ag infheistiú níos mó ama, airgid agus daoine riamh in ionsaithe spriocdhírithe. Léiríonn an comhaontú seo eadrainn go ngeallaimid gach is féidir linn a dhéanamh laistigh dár réimsí saineolais faoi seach, agus tacú le hobair a chéile inár n-iarrachtaí chun an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte ar líne. Meastar go gcosnaíonn an chibearchoireacht breis agus 400 milliún dollar ar an ngeilleagar domhanda gach bliain1; trí chomhar níos dlúithe agus saineolas a chomhroinnt, neartóimid cumas na hEorpa cibearchoirpigh a chomhrac.”

Cúlra

Is éard is ENISA ann comhlacht saineolais i gcúrsaí cibearshlándála, a bhfuil ceannáras aige i Heraklion, agus oifig san Aithin, an Ghréig, agus a chabhraíonn le Ballstáit an AE, leis an gCoimisiún agus le gach páirtí leasmhar atá bainteach leis chun saincheisteanna slándála líonra agus eolas a chosc agus a réiteach.

* Europol, an Oifig Eorpach Póilíní, atá suite san Háig, an Ísiltír, freagrach as comhar i dtaca le forghníomhú an dlí ar leibhéal an AE, daingniú a dhéanamh ar bhearta a dhéanann Ballstáit chun coireacht eagraithe, sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireachta tromchúisí a chomhrac, i gcás ina ndéanann siad difear do dhá Bhallstát nó níos mó. (Cinneadh 2009/371/JHA ón gComhairle). Is é EC3, an tIonad Cibearchoireachta Eorpaí, arna óstáil ag Europol, pointe fócais chomhrac an AE in aghaidh na cibearchoireachta. Tacaíonn sé le Ballstáit agus le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh chun cumas oibríochtúil agus anailíseach a fhorbairt le haghaidh imscrúduithe agus comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, i réimse na cibearchoireachta. Is iad sainréimsí a shainordaithe calaois íocaíochta (ar líne), dúshaothrú gnéasach leanaí ar líne, agus coireanna a dhéanann difear do bhonneagar criticiúil agus do chórais eolais san Aontas Eorpach. 

1. McAfee (2014), Glanchaillteanais: Costas na Cibearchoireachta a Mheas, Meitheamh 2014

Seo na sonraí teagmhála le haghaidh agallaimh: Ulf Bergström, Oifigeach Sinsearach Cumarsáide Corparáidí agus Urlabhraí ENISA, +30 6948 460 143, nó Lisanne Kosters, urlabhraí Europol, +31 70 302 5001. 

Tags: