Is iad teipeanna córais is cúis le formhór na mbristeacha i seirbhísí cumarsáide leictreonacha, dar le tuarascáil nua ó ENISA

Report this content

Inniu d'fhoilsigh ENISA, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise, an tríú tuarascáil bhliantúil mar gheall ar bhristeacha mórscála in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Gheofar sa tuarascáil bhliantúil ar theagmhais 2014 anailís chomhthiomsaithe ar na teagmhais slándála a ba chúis le bristeacha móra in 2013. Formhór na dteagmhas a tuairiscíodh do rialtóirí agus do ENISA, bhain siad le naisc mhóibíleacha idirlín agus teileafónaíochta. Ba iad na cúiseanna ba choitianta leo teipeanna córais a chuir isteach ar stáisiúin bhunáite agus ar lasca.

Is toradh é an tuarascáil bhliantúil ar phróiseas tuairiscithe teagmhas ar fud an AE ar cuireadh tús leis in 2012, faoi Airteagal 13a de Chreat-Treoir (2009/140/CE). Tuairiscíonn oibreoirí teagmhais do na hÚdaráis Náisiúnta Rialála ina dtír féin. Tuairiscíonn na húdaráis sin na bristeacha is measa gach bliain do ENISA agus don Choimisiún Eorpach. Gheofar na príomhthorthaí achoimrithe thíos:

  • 90 mórtheagmhas tuairiscithe: Thuairiscigh 19 dtír 90 teagmhas suntasach i mbliana; bhí 9 dtír ann nár thuairiscigh teagmhas suntasach ar bith.

  • Is iad líonraí móibíleacha ba mhó a bhí thíos leo: Bhain leath, nó mar sin, de na mórbhristeacha le hidirlíon móibíleach agus le teileafónaíocht mhóibíleach.

  • Tionchar ar ghlaonna éigeandála: Ina theannta sin, bhí tionchar ag 21% de na mórtheagmhais ar ghlaonna éigeandála (teacht ar 112).

  • Teipeanna córais ba chúis le formhór (61%) na mbristeacha: Fabhtanna bogearraí, teipeanna crua-earraí agus míchumraíochtaí bogearraí ab ea formhór na dteipeanna córais seo, a chuir isteach ar lasca agus ar stáisiúin bhunáite.

  • Ba ag feiniméin nádúrtha a bhí an tionchar ba mhó i dtéarmaí uaireanta úsáideora caillte: Is minic gur lean bristeacha cumhachta nó cábla drochaimsir (sneachta trom, stoirmeacha), rud ba chúis le bristeacha móra i dtéarmaí uaireanta úsáideora caillte. Ba iad na sócmhainní ba choitianta a bhí thíos leis stáisiúin bhunáite, lasca agus lascadh móibíleach.

Ba é seo a dúirt an tOllamh Udo Helmbrecht, Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA:

“Is iad líonraí agus seirbhísí cumarsáide poiblí is cnámh droma do shochaí dhigiteach an AE. Is é ár sprioc athléimneacht agus slándáil na gcumarsáidí leictreonacha a mhéadú. Is gá teagmhais a thuairisciú agus a phlé chun tuiscint a fháil ar na rioscaí agus ar an méid is féidir a fheabhsú. Leanfaidh ENISA dá chomhoibriú le rialtóirí Telecom an AE chun tacú le tuairisciú éifeachtach i gcás teagmhas slándála.”

Ní luaitear sa tuarascáil bhliantúil seo tíortha, soláthraithe ná teagmhais shonracha. Pléifear teagmhais shonracha leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na hÚdaráis Náisiúnta Rialála, laistigh de Ghrúpa Saineolaithe Airteagal 13a. Nuair is gá tacóidh ENISA le Ballstáit an AE chun an tionchar atá ag cineálacha áirithe teagmhas a mhaolú. Tar éis teagmhais na bliana 2012 a thuairisciú, tá ENISA ag obair ar threoir do cheannaitheoirí agus do dhíoltóirí chun gur féidir le soláthraithe an tslándáil a bhainistiú agus iad ag ceannach ó dhíoltóirí TFC agus ag seachfhoinsiú comhpháirtithe dá gcroí-oibríochtaí.

Gheofar an tuarascáil iomlán ag: https://www.enisa.europa.eu/activities/Resilience-and-CIIP/Incidents-reporting/annual-reports/annual-incident-reports-2013/

Cúlra: Airteagal 13a den Chreat-Treoir (2009/140/CE) i dtreoir dhlíthiúil an AE um chumarsáid leictreonach.

Fístéip: https://www.youtube.com/watch?v=ArHKpkFnRB0

Agallaimh: Christoffer Karsberg, Saineolaí i Slándáil Líonra agus Faisnéise, r-phost: Christoffer. Karsberg (ag) enisa.europa.eu, mobile: +30 6951782255

Tags:

Documents & Links